Pointí Ginearálta mar gheall ar Shábháilteacht ar Dhóiteáin
Rudaí le Déanamh agus Rudaí le Seachaint
Déan
Bíodh plean agat chun dul chuig áit shábháilte munar féidir leat éalú as an teach. Seomra, mar shampla, ina bhféadfadh an teaghlach ar fad fanacht ar chabhair. Bí cinnte faoi na rudaí seo a leanas:
Bí cinnte go bhfuil fón sa seomra sin le gur féidir glaoch ar chabhair.
Roghnaigh seomra ina bhfuil fuinneog ionas gur féidir éalú nó glaoch ar chabhair (fan in aice na fuinneoige)
Dún an doras agus cuir tuáillí nó blaincéid ag bun an dorais chun deatach a choimeád amach.
Glaoigh ar na seirbhísí éigeandála.
Diailigh 999 nó 112.
Inis don oibreoir cén tseirbhís atá uait.
Labhair go mall agus go soiléir agus tabhair seoladh an tí agus d'uimhir fóin. (Más fón póca atá in úsáid agat d'fhéadfadh an t-oibreoir an contae ina bhfuil tú a fhiafraí díot.)
Ná críochnaigh an glao go dtí go ndeir an t-oibreoir leat é sin a dhéanamh.
Ná Déan
Ná téigh ar ais isteach i dteach atá trí thine.
Ná tóg batairí amach as Aláram Deataigh.
Ná bíodh scáthán agat os cionn teallaigh ina bhfuil fíorthine.
Leideanna Eile Sábháilteacht ar Dhóiteán
sábháilteacht ar dhóiteán ag baile - full booklet (Bearla | Gaeilge)
sábháilteacht ar dhóiteán ag baile (Bearla | Gaeilge)