Suiteáil aláram deataigh sa bhaile inniu - ní féidir filleadh ar an teach chun beatha duine a shábháil

Suiteáil aláram deataigh inniu. Ná fág é go dtí go mbíonn sé ró-dhéanach. Féadfaidh deatach a bheith marfach, ach ní chloisfeá rud ar bith. Laistigh de chúpla nóiméad, bheadh mearbhall agus codladh ag teacht ort. Ní bheadh seans agat éalú ón dóiteán. Sa tSeachtain Náisiúnta um Shábháilteacht ar Dhóiteáin, an 3-10 Deireadh Fómhair 2010, iarraimid ar gach duine aláraim dheataigh a cheannach agus a shuiteáil. Má tá aláraim dheataigh sa teach agat cheana féin, féach inniu an bhfuil na batairí iontu ag obair. Tá sé riachtanach fios a bheith agatsa agus ag an líon tí cad ba cheart a dhéanamh má chloiseann sibh an t-aláram deataigh. Bí cinnte go bhfuil gach pasáiste saor ó bhac ionas go mbeidh sibh in ann éalú. Bíodh plean éalaithe agaibh, bíodh sé ar eolas ag an teaghlach ar fad, agus cleachtaigh é go tráthrialta. Ná fág é go dtí go mbíonn sé ró-dhéanach. D'fhéadfadh sé do bheatha féin a shábháil lá éigin. Ní féidir bheith ró-ullamh do dhóiteán!


Déan do chionsa sa tSeachtain Náisiúnta um Shábháilteacht ar Dhóiteáin. Léigh an chuid eile den suíomh Gréasáin go bhfaighidh tú amach conas dóiteáin sa bhaile a chosc agus a bhrath. D'fhéadfadh sé do bheatha féin a shábháil lá éigin.