Frequently Asked Questions

Typical Fire Safety Questions

  1. Home
  2. /
  3. CC

Is bealach éasca é STOP a chur le Tine le cuimhneach ar shábháilteacht dóiteáin i do theachsa.

Ciallaíonn STOP:

  • S – Suiteáil Aláraim Deataigh. Bí cinnte go bhfuil ceann amháin ar a laghad agat ar gach leibhéal/urlár.
  • T – Tástáil d’aláraim deataigh uair sa tseachtain nó iarr ar dhuine éigin iad a thástáil duit.
  • O – Oscail do Shúile do Bhaoil Shoiléire. Bí ag faire amach do bhaoil dóiteáin amhail soicéid rólódáilte, coinnle agus fearais atá fágtha gan aon duine ag coinneáil súil orthu.
  • P – Pleanáil do bhealach éalaithe. Coinnigh na bealaí amach glan agus bíodh d’eochracha in aice láimhe agat.

Bí ag faire amach do dhainséir shoiléire. Níor cheart go dtógfadh “Seiceáil Rialta maidir le Sábháilteacht Dóiteáin” ach cúpla nóiméad ach d’fhéadfadh sé difear a dhéanamh idir Bás agus Beatha.

Siúil timpeall do thí d’fhonn do theach a choinneáil sábháilte agus slán.

  • Déan plocóid gach fearas leictreachais nach dteastaíonn a tharraingt amach as an soicéad.
  • Múch gach fearas gáis nach dteastaíonn.
  • Bí cinnte go bhfuil gach coinneal agus gach lasair gan chosaint múchta.
  • Cuir sciath thine os comhair aon tine oscailte.
  • Folmhaigh gach luaithreadán.
  • An bhfuil gach bealach éalaithe go hiomlán slán ó bhacainní?
    Dún gach doras chun scaipeadh dóiteáin agus deataigh a laghdú.
  • Chun an chosaint is mó agus is féidir a bheith agat, ba cheart aláram deataigh amháin a bheith i ngach seomra seachas an seomra folctha, an chistin agus an garáiste. D’fhéadfaí smaoineamh ar aláraim teasa a fháil i gcás go ndéanfadh múch ó cócaireacht nó deatach ó thoitíní nó ó thinte oscailte na haláraim a chur ag imeacht nuair nach bhfuil sin uait.
  • Chun an chosaint is lú a bheith agat ní mór duit aláram deataigh amháin a bheith agat i ngach leibhéal/urlár i do theach.

Reáchtáiltear Seachtain Náisiúnta na Sábháilteachta Dóiteáin i gcomhar le Seirbhís Dóiteáin agus Tarrthála Tuaisceart Éireann agus is ar mhaithe le sábháilteacht dóiteáin a fheabhsú an tseachtain, go háirithe sa bhaile.

Is mar gheall ar Thine Mór Chicago, a tharla an 8 Deireadh Fómhair, 1871, a bunaíodh Seachtain Náisiúnta na Sábháilteachta Dóiteáin. D’fhógair iarUachtarán Mheiriceá, Calvin Coolidge, an chéad Seachtain Náisiúnta um Chosc Dóiteáin sa bhliain 1925 i gcuimhne na ndaoine a bhásaigh sa Tine sin. Reáchtáiltear an tseachtain sin ó shin i leith i dtús mhí Dheireadh Fómhair i dtíortha ar fud an domhain.

9 Deireadh Fómhair – 15 Deireadh Fómhair 2023.

Scroll to Top