" data-object-fit="cover">

Fire SafetyTip

Cosc

Is Féidir Linn STOP a Chur le Dóiteán le Chéile

Is é a chiallaíonn STOP:

  • S – Suiteáil Aláraim Deataigh. Bí cinnte go bhfuil ceann amháin ar a laghad agat ar gach leibhéal/urlár.
  • T – Tástáil d’aláraim deataigh uair sa tseachtain nó iarr ar dhuine éigin iad a thástáil duit.
  • O – Oscail do Shúile do Bhaoil Shoiléire. Bí ag faire amach do bhaoil dóiteáin amhail soicéid rólódáilte, coinnle agus fearais atá fágtha gan aon duine ag coinneáil súil orthu.
  • P – Pleanáil do bhealach éalaithe. Coinnigh na bealaí amach glan agus bíodh d’eochracha in aice láimhe agat.

Seachain:

  • Tobac a chaitheamh nuair a bhíonn tú tuirseach
  • Coinnle lasta a fhágáil gan aon duine thart le súil a choinneáil orthu
  • Leanaí óga a fhágáil gan aon duine thart le súil a choinneáil orthu
  • Cipíní solais agus lastóirí a fhágáil in áiteanna ar féidir le leanaí iad a fháil
  • Pannaí Sceallóg, friochtáin, etc. a fhágáil gan aon duine thart le súil a choinneáil orthu
  • A bheith i do sheasamh róghar do thinte, do théitheoirí, etc.
  • Fearais lochtacha leictreachais a úsáid
  • Soicéid a rólódáil

Déan cinnte:

  • Do shimléar a ghlanadh ar a laghad uair amháin in aghaidh na bliana
  • Sciath spréiche a úsáid do thinte oscailte
  • Coimeádáin cearta a úsáid nuair a lastar coinnle
  • Luaithreadáin a choinneáil folamh nuair nach bhfuil siad in úsáid
  • Múchtóir Dóiteáin agus pluid dóiteáin atá oiriúnach a bheith agat i do chistin
  • Fearais lochtacha leictreachais a dheisiú nó cinn nua a fháil láithreach
  • Gach doras a dhúnadh san oíche
  • Seiceáil rialta a dhéanamh maidir le Sábháilteacht Dóiteáin a dhéanamh roimh dhul a chodladh
Scroll to Top