" data-object-fit="cover">

Fire SafetyTip

Aláraim Deataigh

Tá dhá chineál Aláraim Deataigh ann: Aláram “Ianúcháin” agus Aláram “Optúil”

Aláraim Ianúcháin Deataigh

Is é seo an cineál aláraim is saoire agus is coitianta. Tá sé an-íogair do cháithníní beaga deataigh ó thinte “lasracha” amhail pannaí sceallóg. Braithfidh sé an cineál dóiteáin seo sula mbeidh seomra róphlúchta le deatach.

Aláraim Optúil Deataigh

Is cineál aláraim é seo atá níos costasaí ach tá sé níos éifeachtaí i gcáithníní móra a bhraith ó thinte “malldóite” amhail cúr atá ag cnádú nó sreangú PVC.

Cé mhéad aláram deataigh atá ag teastáil uaim?

Chun an chosaint is mó agus is féidir a bheith agat, ba cheart aláram deataigh amháin a bheith i ngach seomra seachas an seomra folctha, an chistin agus an garáiste. D’fhéadfaí smaoineamh ar aláraim teasa a fháil i gcás go ndéanfadh múch ó cócaireacht nó deatach ó thoitíní nó ó thinte oscailte na haláraim a chur ag imeacht nuair nach bhfuil sin uait.

Chun an chosaint is lú a bheith agat ní mór duit aláram deataigh amháin a bheith agat i ngach leibhéal/urlár i do theach.

Cá gcuirfidh mé na haláraim?

Suiteáil na haláraim ar an tsíleáil chomh gar do lár an tseomra agus is féidir.
Tabhair ar aird do chumas an t-aláram deataigh a chloisteáil san oíche nuair a bhíonn an doras dúnta.

Bíodh do Phlean Éalaithe ar Eolas agat!

Is é is cuspóir le hAláram Deataigh luathrabhadh a thabhairt duit faoi dhóiteán! Tá sé ríthábhachtach go mbeadh a fhios agat agus ag do theaghlach an méid go díreach atá le déanamh nuair a thosaíonn an tAláram Deataigh ag bualadh.

​Tástáil agus Cothabháil

Is beag cothabháil atá ag teastáil ó aláraim deataigh ach bí cinnte go n-oibríonn sé nuair is gá:

  • Déan an t-aláram deataigh a thástáil uair sa tseachtain tríd an gcnaipe tástála a bhrú agus a choinneáil síos go dtí go mbuaileann sé.
  • Déan an cásáil a ghlanadh le folúsghlantóir agus a scuabadh gach 6 mhí chun fáil réidh le dusta.
  • Athraigh an ceallra gach bliain.
  • Faigh aláram deataigh nua gach 10 mbliana.
Scroll to Top